Nuacht

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh againn! Seo roinnt phictiúirí ó chéilí a bhí againn Dé hAoine. Beidh Céilí Mór eile againn inniu agus cuirfimíd fáilte roimh scoileanna eile go dtí halla an Choláiste.

Má tá Gaeilge agat, labhair í!

Íomhá infri-dhearg saitilíte a tógadh ag 18:00 14 Eanáir 2015. Pictiúr ó Met Éireann.

Beidh Gaelcholáiste an Chláir agus Coláiste Pobail na hInse dúnta ar feadh an lae Déardaoin, 15 Eanáir 2015, de réir chomhairle an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh an drochaimsir.

Cuirfear ar athló na cruinnithe tuistí agus múinteoirí a bhí ar chlár an Déardaoin.

Beidh na scoileanna ar oscailt arís Dé hAoine.

On the advice of the Department of Education and Skills, Gaelcholáiste an Chláir and Ennis Community College will be closed all day Thursday, 15 January 2015, due to the extreme weather which has been forecast.

Parent-teacher meetings scheduled for Thursday have also been cancelled, and will be re-scheduled.

The schools will reopen on Friday January 16.

Táimíd ag glacadh le h-iarrataisí faoi láthair do rang na chéad bliana, don scoilbhliain 2015/2016. Is é an spriocdháta do na foirmeacha iarratais ná Dé hAoine, 23 Eanáir 2015. D’fhéadfadh liosta feithimh a bheith i bhfeidhm.

Is féidir na foirmeacha iarratais i nGaeilge agus i mBéarla a íoslódáil ón leathanach seo, chomh maith le prospectus an Choláiste.

We are currently accepting applications for first year students for the 2015/2016 academic year. The closing date for completed application forms is Friday 23 January 2015. A Waiting List may apply.

Copies of the application forms in Irish and English are available to download on this page, along with the latest prospectus for the College.

Invalid download ID. Invalid download ID. Invalid download ID.

fashionfa
Ag seo thíos rogha na bpictiúirí ón Seó Faisin a bhí againn chun airgead a thiomsú do Ghaelcholáiste an Chláir agus Coláiste Pobail na hInse. Bhí breis agus 800 i láthair in Óstán Treacy’s West County Dé Céadaoin don bhfaisean agus don siamsaíocht, don gceol agus don damhsa. Gabhaimíd buíochas leis na siopaí a ghlac páirt, leis na gnólachtaí a dhein urraíocht ar an gcrannchur, leis na mainicíní agus na stílithe, leis na daoine a raibh seastáin acu san Aonach Nollag agus leis na tuismitheoirí, daltaí agus baill fóirne a d’oibrigh mar mhainicíní, mar cheoltóirí, mar dhamhsóirí agus mar stiúrthóirí.

 

movingstatues655

Shoppers in Ennis could have been forgiven recently for thinking that the statues had come to life and gone walking among them.

But it was only the students of Ennis Community College and Gaelcholáiste an Chláir, with an innovative art project designed to promote the upcoming Winter Fashion Show and Christmas Fair being held in aid of the schools.

Fashion Show

Beidh Seo Faisin agus Aonach Nollag againn ar an 26ú, chun airgead a chruinniú don nGaelcholáiste agus do Ennis Community College. Fáilte roimh chách!

Staff and students at Ennis Community College and Gaelcholáiste an Chláir are as busy as elves in preparation for the Winter Fashion Show and Christmas Fair which will be held in Treacy’s West County Hotel on the 26th of November.

D’oibrigh Coiste na dTuistí le daltaí na hIdirbhliana chun maidin chaifé a eagrú ag bailiú airgid don Cheerios Childline Breakfast Appeal. Ag seo thíos rogha na bpictiúirí ón ócáid:

Rory Mulvey of Study Enrichment Services Ltd, gives a presentation to Third Year students

Thug Rory Mulvey ó Student Enrichment Services cuairt ar an nGaelcholáiste le déanaí chun oiliúint a thabhairt do scoláirí na tríú bliana sna scileanna agus nósanna chun an leas is fearr a bhaint as an staidéar.

Aoibheann Ní Dhugáin ó Bhliain 5 in éineacht le Brid McNamara, PRO Bord Camógaíochta Chontae an Chláir

Cuireadh fáilte roimh dhaltaí ó scoileanna ar fud an chontae go dtí an Gaelcholáiste agus an Coláiste Pobail Déardaoin, i gcomhair ceardlann chaidreamh poiblí faoi stiúir ag Bríd McNamara, Oifigeach Chaidreamh Poiblí Bhord Camógaiochta Chontae an Chláir.

Gaelcholáiste an Chláir and the Community College played host to students from all over the county on Thursday for a workshop on public relations for sports clubs, led by Brid McNamara, PRO of Clare County Camogie Board.


Fuair Róisín Ní Fhallúin, scoláire i nGaelcholáiste an Chláir, 12 A sa Teastas Sóisearach i mbliana. Ní raibh ach ceathrar ar fad sa tír a bhain an caighdeán sin amach. Rinne Bean Uí Chonsaidín, an Múinteoir i bhFeidhil, agus Mr Cooke, príomhoide an Choláiste, comhgháirdeachas léi.

Róisín Ní Fhallúin, a student at Gaelcholáiste an Chláir, achieved 12 As in this year’s Junior Cert. Only four students in the country achieved this standard. She was congratulated by Bean Uí Chonsaidín, the Múinteoir i bhFeidhil, and by College Principal, Mr Cooke.

Photo courtesy of The Clare People.