Nuacht

Foireann chónasctha  chispheile an Ghaelcholáiste agus Coláiste Pobail na hInse a bhuaigh Craobh Chailíní an Chláir, Roinn C, mar aon lena múinteoir Ms O’Connell.  In éineacht leo tá Jason Killeen agus Mike Hickey agus iad ag fógairt an Banner Basketball Camp a reachtálfar  ar an 22 agus 23 Meitheamh i nGoirtín, Dúire.

Bronnadh teastais agus fáinní do labhairt na Gaeilge ar Ross Ó hUallacháin agus ar Phádraigín Ní Fhuaráin le déanaí, toisc barr feabhais a bhaint amach in úsáid na Gaeilge.  In éineacht leo tá an príomhoide, Mr Cooke, agus Iníon Ní Dheargáin, Múinteoir Feidhmeannach i bhFeidhil an Ghaelcholáiste

Bhí Lá na gCluichí ag an nGaelcholáiste in éineacht le Coláiste Pobail na hInse ag ionad spóirt Lees Road in Inis.

Transition Year Students at Gaelcholáiste an Chláir are taking to the stage this week to perform ‘Sive’, John B Keane’s famous play about a young girl forced into an arranged marriage.

D’éirigh le daltaí na hIdirbhliana €180 a bhailiú don Institiúid Náisiúnta um Thaighde ar Ailse Brollaigh sa Ghaillimh.  Bhronn siad an ciste ar Monica Gallagher, tiomsaitheoir de chuid an Institiúid agus duine a tháinig slán ón ailse bhrollaigh.

Tá 257 leabhar léite ag scoláirí na chéad agus na dara bliana don MS Readathon agus tá nach mór €800 cruinnithe acu i gcomhair MS Ireland.  Sa phictiúr tá daltá ón gchéad bhliain lena gcuid teastas: Emma Ní Sheannáin, Rachel Nic Mhathúna, Cathal Sandair and Fionn Ó Nualláin.

Bronnadh Teastais ó Scoil Ghnó Kemmy in Ollscoil Luimnigh, ar scoláirí ón nGaelcholáiste a bhain Grád A amach sa Staidéar Gnó, Ardleibhéal, sa Teastas Sóisearach.  Ina measc bhí Rónán Ó Fallúin agus Ciarán Pfiffer, atá sa phictiúr seo in éineacht lena múinteoir, an tUasal McMahon agus Dr Fergal O’Brien, Stiúrthóir an Léinn Iarchéimigh, Ollscoil Luimnigh.

Tá Gaelcholáiste an Chláir ag ceiliúradh 20 bliain ag cur oideachas trí Ghaeilge ar fáil do mhuintir an Chláir!

Students of Gaelcholáiste an Chláir in Ennis are the stars of a new series on RTÉ Raidio na Gaeltachta which will be broadcast nationwide next week. It’s called Scrúdú Béil na hArdteiste, and it will provide a showcase of Oral Irish to aid students preparing for this years Leaving Certificate examination.

Tháinig mic leinn ó na gaelcholáistí éagsúla i gCúige Mumhan le chéile in amharclann Glór le haghaidh Seo Tallainne na Mumhan, a reachtáileadh don chéad uair Déardaoin seo chaite.