Nuacht

Bhí lá breá spóirt againn inné. Tá na pictiúir go léir anseo agus tá físeán anseo thíos:

Rogha na bpictiuirí ón dturas a thug daltaí na chéad agus na dara bliana ar Ionad Eachtraíochta Bhaile Theas i gCorcaigh. (Buíochas le Iníon de Barra).

Turas Eachtraíochta go Baile Theas

Bronnadh teastais ar dhaltaí ar an gclár LCVP (Leaving Certificate Vocational Programme) as ucht an pháirt a ghlac siad sa chlár Taithí agus Scileanna leis an Shannon Group.

LCVP students were presented with certificates of achievement for their participation in the Shannon Group Skills and Work programme.

Go n-éirí lenár gceoltóirí óga a bheidh ag seinnt i gceolchoirm le Music Generation in amharclann Glór anocht!

Music teacher Pádraig Rynn from Music Generation, with first year students (seated) Méadhbh Duibhne Ní Chochláin, Leighara Scarlóg, Joanie Ní Slatara, and Sadhbh Ní Fhinn

Music teacher Pádraig Rynn from Music Generation, with first year students (seated) Méadhbh Duibhne Ní Chochláin, Leighara Scarlóg, Joanie Ní Slatara, and Sadhbh Ní Fhinn

Best wishes to our young musicians who will play on stage in Glór tonight.

Tréaslaímid le foireann agus scolairí an Ghaelcholáiste a ghlac páirt sa siúlóid ‘Darkness into Light’ inné ar son Pieta House.

Daltaí 5GC in éineacht le Ms Christie agus Mr O'Donoghue

Daltaí 5GC in éineacht le Ms Christie agus Mr O’Donoghue

Congratulations to staff and students, and to everyone who took part in the ‘Darkness into Light’ march for Pieta House yesterday

Thug an Draíodóir Leon Anderson cuairt ar dhaltaí na chéad bliana le déanaí, le ceardlann matamaitice ‘Maths Magic’ mar chuid den gclár JCSP. 

Mata Draíochta

Magician Leon Anderson visited our first year students recently, when he conducted a Maths Magic workshop as part of the Junior Certificate Schools Programme.

Sa phictiúr, ó chlé: Ms Kelly, múinteoir eolaíochta, Robyn Doyle agus Mr O'Donoghue, priomhoide.

Sa phictiúr, ó chlé: Ms Kelly, múinteoir eolaíochta, Robyn Doyle agus Mr O’Donoghue, priomhoide.

Tréaslaímid le Robyn Doyle ón dara bhliain a fuair duais as ucht a bheith páirteach san imeacht idirlín ar a dtugtar ‘I’m an engineer get me out of here’.

Leis an dtogra seo, cuirtear daltaí i dteagmhail le hinnealtóirí. Cineál comórtas X-Factor atá i gceist, idir innealtóirí, ina bhfeidhmíonn na daltaí mar bhreithimh ar an gomórtas.

Ceistíonn na daltaí na hinnealtóirí agus cuireann siad faoi dhianscrúdú iad. Caitheann siad vóta don innealtóir is rogha leo agus bíonn an bua ag innealtóir amháin a fhaigheann €500 chun cabhrú leis no léi cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal chun a chuid oibre a mhíniú.

Freisin, caitheann na hinnealtóirí vóta do na daltaí ab fhearr ag cur na gceisteanna, agus ainmníodh Robyn i measc na mbuaiteoirí a fuair dearbhán siopadaóireachta agus teastas.

Congratulations to Robyn Doyle from second year who won a prize for his participation in the online event ‘I’m an engineer get me out of here’, where school students interact with engineers. It’s an X Factor-style competition between engineers, where the students are the judges.

Students challenge the engineers over fast-paced online live chats. They ask the engineers anything they want, and vote for their favourite engineer to win a prize of £500 to communicate their work with the public.

​After every event the engineers and moderators vote for the students they think engaged really well, and Robyn was one of the winners of a certificate and gift voucher.

Fearaimid Fáilte roimh an Uasal Brian O’Donoghue, atá ceapaithe ina phríomhoide ar Ghaelcholáiste an Chláir, Coláiste Pobail na hInse agus Coláiste Breisoideachais na hInse.

Roimhe seo, bhí sé ina leas-phríomhoide ar Coláiste Mhainchín i Luimneach. Tá céim onóracha ag an Uasal O’Donoghue ó Ollscoil Mhá Nuad. Tá Ard-Dioplóma Oideachais aige ó Choláiste na Trionóide agus Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Oideachais ó Ollscoil Luimnigh. Tá Bitheolaíocht, Matamaitic agus Eolaíocht múinte aige agus tá suim mhór aige i gceoltóireacht agus i gcúrsaí spóirt.

Guímid rath ar an iarphríomhoide, an tUasal John Cooke, atá ceapaithe ina phriomhoide ar Choláiste na Coirbe i nGaillimh. Go n-éirí leis!

We are delighted to welcome Mr Brian O’Donoghue, who has been appointed Principal of Ennis Community College, Gaelcholáiste an Chláir and Ennis College of Further Education.

Formerly Deputy Principal of St Munchin’s College, in Corbally, Limerick, Mr O’Donoghue is an honours graduate from NUI Maynooth. He has a Higher Diploma in Education from Trinity College Dublin and a Graduate Diploma in Educational Leadership from University of Limerick. He has taught Biology, Mathematics and Science and he has a keen interest in musical performance and sport.

Our former principal, Mr John Cooke, has taken up a new position as Principal of Coláiste na Coirbe in Galway. We thank him for his contribution over the last number of years and wish him every success in his new role.

Colin Mannion agus Julia Sanz, in éineacht lena múinteoir, Iníon Nic Conmara

Thug beirt ón Idirbhliain cuairt ar Pharlaimint na hEorpa le linn Sheachtain na Gaeilge, mar bhaill de thoscaireacht ó Ghaelcholaistí na tíre, agus ghlac siad páirt i gcluichí ról-imeartha parlaiminte trí mheán na Gaeilge.

Complete the Fairtrade Quiz to enter our prize draw.

Mar chuid den tionscnamh CSPE atá ar siúl acu, tá quiz idirlín curtha le chéile ag daltaí na tríú bliana. ‘Sí an aidhm atá leis ná daoine a spreagadh chun táirgí Fairtrade a cheannach.

Cliceáil anseo chun an quiz a dhéanamh. Cuirfear gach iarrtas atá ceart isteach ar chrannchur. Go raibh maith agaibh!

As part of their CSPE project, Third Years have put together an online quiz. It’s part of a campaign to encourage people to buy Fairtrade products.

Click here to take the quiz. All correctly completed entries will be entered for a prize draw. Thank you!