Bronnadh Gradaim Mac Léinn an LCETB in Óstán Woodstock ar an 2 Nollaig 2016, ag ceiliúradh éachtaí na mac léinn ón ocht gcinn de scoileanna sa chontae atá faoi choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir.
Ina measc bhí naonúr ó Ghaelcholáiste an Chláir a ghnóthaigh Grád A sa Ghaeilge i dTeastas Sóisearach na bliana seo.
Is féidir a thuilleadh pictiúirí on ócáid a fheiscint sa ghailearaí thíos.
Gaelcholáiste an Chláir
Clárú don Scoilbhliain 2017 / 18
Oíche Oscailte
Déardaoin, 8ú Nollaig 2016 ag 5.30 i.n.
Fáiltíonn Príomhoide, Múinteoir i bhFeighil agus Foireann Ghaelcholáiste an Chláir roimh dhaltaí ón Séú Rang agus a gcuid tuistí chun áiseanna na scoile a fheiceáil agus bualadh leis an bhfoireann teagaisc ar an dáta thuasluaite.
Beidh Foirmeacha Cláraithe ar fáil ó na Bunscoileanna áitiúla, nó ó Oifig an Ghaelcholáiste, teil. 065-6844642.
N.B.: Dáta dheiridh d’iarrataisí ná Dé hAoine, an 27ú Eanair 2017.
ENROLMENT FOR 2017 / 18 ACADEMIC YEAR
OPEN EVENING
Thursday, 8th December, 2016 at 5.30 p.m.
The Principal, Múinteoir i bhFeighil and Staff at Gaelcholáiste an Chláir cordially invite Sixth Class pupils and their parents to view our facilities and to meet with the teaching staff.
Enrolment Forms available from the local Primary Schools or from the College Office, telephone 065-6844642.
N.B.: Closing Date for Receipt of 2017/2018 First Year Enrolments is Friday 27th January 2017
Bhí seisiún traenála ag comhairle na Mac Léinn le linn na seachtaine, faoi stiúir ag Donal Fitzgibbon ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir. Tá an tUasal Fitzgibbon ar chlé sa phictiúr, agus ar dheis tá Ms Heffernan agus an Leas-Phríomhoide Ms Walsh.
Tá saoire na Samhna caite agus tá foireann na scoile ullamh le dul i mbun oibre arís.
Gaelcholáiste an Chláir and Ennis Community College re-open as usual on Monday 7 November.
Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh béilí scoile ar fáil saor in aisce do gach aon dalta, ag tosú Dé Luain seo chugainn, 7 Samhain 2016.
We are delighted to announce that free school meals, including breakfast and lunch, will be available to all students from Monday 7 November 2016. Click here for full details.
Chuaigh buíon ó Bhliain a Cúig agus ón Idirbhliain sa dá scoil, Coláiste Pobail na hInse agus Gaelcholáiste an Chláir, ar turas an tseachtain seo go Loch Garda agus Veinéis na hIodáile. Tá siad sa phictiúir, in éineacht le Mr Cooke, Ms Hahessy (SNA), Mr O’Brien, agus Ms MacCarthy.
Thug Rang na hIdirbhliana cuairt ar ionad eachtraíochta Delphi le déanaí. Ag seo thíos tá rogha na bpictiuirí.