Do bhuaigh an fhoireann chamógaíochta atá ag an nGaelcholáiste in éineacht le Coláiste Pobail na hInse, Craobh Idirmheánach Choláistí na Mumhan inné, i gcoinne Scoil Pól Kilfinane.
5-13 in aghaidh 2-1 an scór a bhí ann ag an deireadh.
Bhí an cluiche leathchraoibhe buaite acu Déardaoin seo chaite, 6-9 in aghaidh 4-5, i gcoinne Ghaelcholáiste Mhuire ó Chorcaigh.
Comhgháirdeachas leis an bhfoireann agus leis an mbainisteoir, Iníon Nic Chonmhara!