Seo Tallainne na Mumhan!

Tháinig mic leinn ó na gaelcholáistí éagsúla i gCúige Mumhan le chéile in amharclann Glór le haghaidh Seo Tallainne na Mumhan, a reachtáileadh don chéad uair Déardaoin seo chaite.

Pictured at Seó Tallainne na Mumhan, the Irish language talent contest held at Glór on Thursday 14 March 2013, were: (L-R) Fear a' Tí Pádraig Ó Sé of TG4, organiser Síle Ní Dheargáin of Gaelcholáiste an Chláir and contest judge Seán Mistéal of TG4.

I láthair ag Seó Tallainne na Mumhan, ag Glór, Déardaoin 14 Márta 2013, bhí: Fear a’ Tí Pádraig Ó Sé ó TG4, Síle Ní Dheargáin ó Ghaelcholáiste an Chláir, Seán Mistéal ó TG4 a bhí in a mholtóir ar an gcomórtas.

Is í an múinteoir ealaíne, Iníon Ní Dheargáin a cheap an smaoineamh agus a thug cuireadh do mheánscoileanna lán-Ghaeilge eile. Agus ghlac scoileanna ó Chorcaigh, Ciarraí agus Luimneach páirt ann le fonn!

Bhí Pádraig Ó Sé ó TG4 agus Raidio na Gaeltachta ina Fhear Tí don tráthnóna agus bhí an t-aisteoir Seán Mistéal ó Ros na Rún in a chathaoirleach ar phainéal na moltóirí.

Mhol siadsan an caighdeán árd a bhí ag na h-iomaitheoirí, idir ghrúpaí Rac, Ceol Traidisiúnta agus Ceol Clasaiceach agus damhsóiri chomh maith. Thug Gaelcholáiste Chiarraí leis an chraobh i ndeireadh na dála agus bhí Gaelcholáiste an Chláir sa dara h-áit.

Gaelcholáiste an Chláir Music teacher Mrs Kathleen Tuohy, pictured with students Susie Ní Fhógartaigh, Niamh Nic Éadbhaird and Jennifer Ní Mhárcaim, who performed as 'Vivace' at Seo Tallainne na Mumhan held in Glór on Thursday 14 March 2013

Caitlín Bean Uí Thuathigh, atá in a Múinteoir Ceoil i nGaelcholáiste an Chláir, agus í in éineacht le daltaí Susie Ní Fhógartaigh, Niamh Nic Éadbhaird agus Jennifer Ní Mhárcaim, baill an ghrúpa ‘Vivace’ a ghlac páirt i Seo Tallainne na Mumhan ag Glór, Déardaoin 14 Márta 2013

Bhí trí ghrúpa ag Gaelcholáiste an Chláirs sa chomórtas: rac-ghrúpa le Shauna Ní Riain, Darragh Ó Ceallaigh, Solomon Adeysian agus Roibeárd Mac Domhnaill; triúir chlasaiceach le Niamh Nic Éadbhaird, Jennifer Ní Mhárcaim agus Susie Ní Fhógartaigh; agus grúpa “traid-nasctha” le Ivana Nic Mhathúna agus Jennifer Ní Mharacháin. Mhol an múinteoir ceoil, Bean UiThuathaigh iad as ucht a gcuid saothair.

Bhí Banna Chéilí an Ghaelcholáiste ar an stáitse ag leath-am agus chan Síofra Ní Dhúgáin amhrán. Bronnadh na duaiseanna ag Rós an Chláir, Orla Nic Donncha, atá ina múinteoir sa Ghaelcholáiste.

Munster’s Got Talent – as Gaeilge

Students from Irish Language secondary schools in Munster gathered in Glór on Thursday for the inaugural Seo Tallainne na Mumhan – a talent contest as Gaeilge.

The competition was the brainchild of teacher Síle Ní Dheargáin at Gaelcholáiste an Chláir who saw an opportunity to nurture student talent, and celebrate Seachtain na Gaeilge. And she discovered that Irish medium schools from Cork, Kerry and Limerick were only delighted to accept the invitation to visit County Clare.

Fear an Tí for the afternoon was TG4’s Pádraig Ó Sé and the judging panel was chaired by the actor Seán Mistéal, who plays Father David on Ros na Rún.

The judges commended the high standard of all the participants, whose contributions ranged from Rock to Traditional and included dance as well as music. Gaelcholáiste Chiarraí took first place while Gaelcholáiste an Chláir were runners up.

Students of Gaelcholáiste an Chláir, Shauna Ní Riain, Roibeárd Mac Domhnaill, Darragh Ó Ceallaigh and Solomon Adeysian, performing as 'Draíocht', at Seo Tallainne na Mumhan held in Glór on Thursday 14 March 2013

Mic Léinn Ghaelcholáiste an Chláir, Shauna Ní Riain, Roibeárd Mac Domhnaill, Darragh Ó Ceallaigh agus Solomon Adeysian, baill an ghrúpa ‘Draíocht’, a ghlac páirt i Seo Tallainne na Mumhan ag Glór, Déardaoin 14 Márta 2013

Gaelcholáiste an Chláir’s were represented by three acts: a rock band featuring Shauna Ní Riain, Darragh Ó Ceallaigh, Solomon Adeysian and Roibeárd Mac Domhnaill; a classical trio comprising Niamh Nic Éadbhaird, Jennifer Ní Mhárcaim and Susie Ní Fhógartaigh; and a “trad fusion” group featuring Ivana Nic Mhathúna and Jennifer Ní Mharacháin. Music teacher Mrs Kathleen Tuohy paid tribute to their dedication and talent.

The interval featured a performance by Gaelcholáiste an Chláir’s Céilí Band as well as solo singing by Síofra Ní Dhugáin. Prizes were presented by Rose of Clare Orla McDonagh.

Share this